SEARCH
You are in browse mode. You must login to use MEMORY

   Log in to start

level: Level 1

Questions and Answers List

level questions: Level 1

QuestionAnswer
1Chuaigh na buachaillí go dtí an Ghaeltacht. Fuair siad síob óna dtuismitheoirí. Bhí fógra sa chúlra le “Cúrsa anseo sa Ghaeltacht do Dhéagóirí.” Bhí málaí ag na buachaillí.
2Bhí fógra le feiceáil ar an mballa. Bhí imeachtaí an lae scríofa air.
3Lá amháin, bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí siad ag imirt cluiche peile sa pháirc imeartha. Bhí bád le feiceáil sa phictiúr. Go tobann, thit Pól ar an talamh. Lig sé scread as. Ghortaigh sé a chos.
4Thóg na múinteoirí é go dtí an carr. “Glaoigh orm ón ospidéal,”arsa an príomhoide. Bhí siad caoga míle ón ospidéal. Bhí brón ar an mbuachaill mar is aoibhinn leis ag imirt spóirt.
5Chuaigh siad go dtí an ospidéal. Bhí an buachaill ina luí ar an trollaí. Dúirt an dochtúir, “Níl a chos briste.” Thug an dochtúir maidí croise dó. Bhí an múinteoir ag caint leis an dochtúir. Chuir an príomhoide glao ar mham Phóil. D’inis sé an dea-scéal di. Bheadh Pól go breá gan mhoill.
6Chuaigh Pól ar ais go dtí an coláiste ar leathuair tar éis a deich. Bhí gach duine sa halla ag an gcéilí. Bhí na buachaillí agus na cailíní ag damhsa. Thug a chairde bualadh bos do Phól.